
366
Downloads
5
Episodes
Caitheann Guthanna Gaelphobal solas ar an obair atá ar bun ag grúpaí pleanála teanga fud fad na tíre lasmuigh den Ghaeltacht. Guthanna Gaelphobal (Gaelphobal Voices) takes a look at the work being done by language planning communities across the country, outisde of the Gaeltacht. Facebook: https://www.facebook.com/gaelphobal.fnag Twitter: https://twitter.com/Gaelphobal_fnag Instagram: https://www.instagram.com/gaelphobal.fnag/ LinkedIn: https://www.linkedin.com/company/gaelphobal
Episodes

Friday Jun 17, 2022
Eagrán 5: Hannah Ní Dhoimhín, Údarás na Gaeltachta
Friday Jun 17, 2022
Friday Jun 17, 2022
San eagrán seo labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le Hannah Ní Dhoimhín, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta. Labhraíonn Hannah faoin phróiseas pleanála teanga i gceantair Ghaeltachta agus faoin dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Déantar plé ar na cosúlachtaí a bhaineann leis an phleanáil teanga i gceantair Ghaeltachta agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta nó i líonraí Gaeilge agus faoi na míreanna ar leith a bhaineann le pleanáil teanga i Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.
Tuilleadh eolais: https://udaras.ie/

Friday Jun 17, 2022
Eagrán 4: Pádraig Ó Tiarnaigh, Coiste Pleanála Teanga Iarthar Bhéal Feirste
Friday Jun 17, 2022
Friday Jun 17, 2022
San eagrán seo labhraíonn Ursula Ní Shabhaois leis an Dochtúir Pádraig Ó Tiarnaigh, Cathaoirleach ar Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga Iarthar Bhéal Feirste. Aithníodh Iarthar Bhéal Feirste mar líonra Gaeilge, chomh maith le 4 ghrúpa eile fud fad na tíre (Cluain Dolcáin, Carn Tóchair, Inis agus Baile Locha Riach). Labhraíonn Pádraig faoin taithí a bhí ag an choiste agus iad i mbun pleanála teanga sa cheantar agus an comhoibriú a tharla idir na heagraíochtaí ar fad in iarthar Bhéal Feirste le plean teanga cuimsitheach a chur le chéile don cheantar.
Tuilleadh eolais: https://gaelphobal.ie/irish-lang-networks/west-belfast/?lang=ga

Friday Jun 17, 2022
Eagrán 3: Bairbre Uí Chathail, Líonra Leitir Ceanainn
Friday Jun 17, 2022
Friday Jun 17, 2022
San eagrán seo, labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn. Ba í Leitir Ceanainn an chéad baile lasmuigh den Ghaeltacht le stádas a bhaint amach mar bhaile seirbhíse Gaeltacht agus labhraíonn Bairbre faoin phróiseas pleanála a tharla sa bhaile, na tosaíochtaí a bhí ag an choiste stiúrtha pleanála teanga agus faoin eispéireas atá acu go dtí seo maidir leis an phlean teanga a chur i bhfeidhm.
- Tuilleadh eolais: https://gaelphobal.ie/gaeltacht-towns/letterkenny/?lang=ga
- Suíomh na heagraíochta: https://www.lionralc.ie/
- Facebook: https://www.facebook.com/LIONRALC/
- Twitter: https://twitter.com/LionraLC
- Instagram: https://www.instagram.com/lionra_leitir_ceanainn/

Friday Jun 17, 2022
Episode 2: Colm Ó Baoill (Eng. lang), Foras na Gaeilge
Friday Jun 17, 2022
Friday Jun 17, 2022
In this episode, Ursula Ní Shabhaois speaks with Colm Ó Baoill, Higher Executive Officer with Foras na Gaeilge, about the language planning process outside of the Gaeltacht that takes place in Gaeltacht service towns and Irish language networks across the country. He explains the background to the current language planning process, the steps involved in preparing and implementing a language plan, and the challenges and opportunities associated with the language planning process.
More information: https://gaelphobal.ie/

Friday Jun 17, 2022
Eagrán 1: Colm Ó Baoill, Foras na Gaeilge
Friday Jun 17, 2022
Friday Jun 17, 2022
San eagrán seo, labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le Colm Ó Baoill, Ardoifigeach Feidhmiúcháin le Foras na Gaeilge, maidir leis an phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht a tharlaíonn i mbailte seirbhíse Gaeltacht agus i líonraí Gaeilge fud fad na tíre. Míníonn sé an cúlra leis an phróiseas reatha, na céimeanna atá i gceist le plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú, agus na dúshláin agus deiseanna a bhaineann leis an phróiseas seo.
Tuilleadh eolais: https://gaelphobal.ie/